You are here

Clinic Vacsaínithe Siúl Isteach sa Chlochán ar oscailt do gach duine aois 16 agus níos sine ar an Satharn

 

Féadfaidh gach duine atá  16 bliain d’aois agus níos sine nach bhfuair an chéad dáileog den vacsaín fós dul chuig an clinic vacsaínithe siúl isteach sa Chlochán ar an Satharn  07 Lúnasa chun an vacsaín a fháil idir  10r.n. agus  2i.n.

Dúirt Ronán Ó Cathasaigh ó fhoireann Vacsaínithe  Saolta, “D’eagraíomar roinnt clinicí vacsaínithe siúl isteach an deireadh seachtaine seo caite san Iarthar agus sa cheantar Thiar Thuaidh chun cur ar chumas daoine an vacsaín a fháil go héasca. Bhíomar lán sásta leis an líon daoine a tháinig, go mór mhór go dtí an  Chlochán, agus dá bhrí sin táimid ag eagrú clinic siúl isteach arís an deireadh seachtaine seo.

“Féadfaidh aon duine os cionn 16 bliain d’aois nár chláraigh don chéad vacsaín fós, teacht chuig an clinic seo ar an Satharn. Má tá tú sa cheantar ar laethanta saoire, is féidir teacht chuig an clinic sa Chlochán chun an chéad dáileog den vacsaín a fháil ar an Satharn agus is féidir an dara dáileog a eagrú don ionad vacsaínithe is gaire dod’ áit chónaithe nó pé áit a fheileann duit. Ní gá duit clárú ar líne roimh ré ach féadfaidh clárú dlús a chur leis an am a chaitheann tú san ionad vacsaínithe Dé Sathairn. "

Tabhair leat:

  • Uimhir PSP.  Mura bhfuil UPSP agat, is féidir tú a chlárú agus an vacsaín a thabhairt duit. Ní mór duit cruthúnas ar do sheoladh a thabhairt leat.*
  • Éirchód
  • Uimhir fón póca
  • Seoladh Ríomhphoist 
  • Aitheantas Grianghraf,  mar shampla: pas nó cárta pas, ceadúnas tiomána, Cárta Seirbhísí Poiblí, pas taistil, Cárta Aoise Náisiúnta arna eisiúint ag na Gardaí, ID scoile nó coláiste. Mura n-áiríonn d’aitheantas grianghraf do dháta breithe, tabhair cruthúnas ar do dháta breithe, mar shampla do theastas breithe.
     

16 nó 17 bliain d’aois agus níl aon chineál aitheantas grianghraf agat?
Tabhair leat do theastas breithe má tá tú 16 nó 17 agus nach bhfuil aon chineál aitheantas grianghraf agat.

Má tá cruthúnas agat freisin ar d’uimhir Seirbhíse Poiblí Pearsanta (PSP), mar shampla litir sochair linbh  ar a bhfuil d’uimhir PSP, beidh sé seo ina chuidiú d’fhoireann an ionaid vacsaínithe. Ach ní gá duit é a bheith agat chun an vacsaín a fháil.
 

*Samplaí de chruthúnas ar do sheoladh :

  • Bille tí le d’ainm air
  • Ráiteas bainc nó ráiteas ó institiúd airgeadais
  • Litir ó rannóg nó gníomhaireacht seirbhíse poiblí
  • Comhaontú cíosa
  • litir ó úinéir an áit a bhfuil cónaí ort ann chun a dhearbhú go bhfuil tú i do chónaí ann – is féidir seo a fháil ó do thuismitheoir
  • bille nó litir ó Óstán nó  Airbnb

Tá gach vacsaín COVID-19 saor in aisce agus tabharfaidh  an vacsaín cosaint duit ó COVID-19.

 

An vacsaín a bheidh á thairiscint:
Is an vacsaín  Pfizer/BioNTech COVID-19 vaccine  an vacsaín a bheidh á thairiscint ag na hionaid vacsaínithe siúl isteach –dáileog 1.

Ag fáil an dara dáileog:
Is don chéad dáileog amháin atá an clinic seo á eagrú. Seolfaimid coinne chugat le haghaidh do dhara dáileog trí theachtaireacht téacs. Déanfar an coinne seo a sceidealú ag ionad vacsaínithe gar dod’sheoladh baile. Más gá duit é seo a athrú chuig suíomh difriúil, glaoigh ar HSELive ar 1800 700 700 chun coinne a shocrú ag ionad vacsaínithe eile.

Deireadh

Nótaí don eagarthóir

Nasc chuig bileog eolais don phobal as Gaeilge: https://www.saolta.ie/sites/default/files/publications/An%20Cloch%C3%A1n%20Ionad%20Vacsa%C3%ADnithe%20FnaSS%20_Eolas%20don%20Phobal.pdf

Nasc chuig físeán as Gaeilge  - Treoir céim ar chéim:
https://www.youtube.com/watch?v=BXzzZDgsrWs&feature=youtu.be

The article above is specific to the following Saolta hospitals:: 
University Hospital Galway (UHG)