You are here

Nuashonraí ar Sheirbhísí Máithreachais in Ospidéal na hOllscoile Portiuncula

Tá foireann bainistíochta lán taithí ceaptha ag FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt le maoirsiú agus bainistíocht a dhéanamh ar na seirbhísí máithreachais in Ospidéal na hOllscoile Portiuncula as seo go ceann cúpla mí.

Is é an cnáimhseoir comhairleach seachtrach, an Dr. Mark Skehan a bheidh i gceannas ar an bhfoireann bainistíochta agus áireofar stiúrthóir cnáimhseachais agus bainisteoir sinsearach leis an bhfoireann chomh maith.   Beidh siad ag obair ar an láthair ón lá inniu ar aghaidh, Dé luain 27 Eanáir.  Beidh an fhoireann seo freagrach as bainistíocht réigiúnach FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt agus beidh freagracht iomlán orthu as bainistiú agus tacaiocht a chur ar fáil do gach gné de na seirbhísí máithreachais/gínéiceolaíochta agus nuabheirthe ag Ospidéal na hOllscoile Portiuncula.

 

Baineann na céimeanna seo le hathruithe atá á gcur i bhfeidhm againn mar thoradh ar an imní faoi na seirbhísí máithreachais in Ospidéal na hOllscoile Portiuncula.

Dúirt an dochtúir Pat Nash, Stiúrthóir Cliniciúil Réigiúnach FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt:  “Ar dtús ba mhaith liom leithscéal a ghabháil leis na mná agus na clanna a bhfuil an scéal seo ag déanamh ábhar mór imní dóibh agus atá trína chéile dá bharr.  Tá na hathruithe seo á gcur i bhfeidhm againn  le go mbeidh na seirbhísí máithreachais i Portiuncula sábháilte do mháithreacha agus dá leanaí.

“Tá athbhreithnithe seachtracha á ndéanamh ar an gcaoi a saolaíodh naonúr leanaí in Ospidéal na hOllscoile Portiuncula.  Ó 2024 i leith, bhí einceifealapaite iscéimeach hiopocsach (HIE) ar sheachtar leanaí, a d’fhág gur cuireadh ar aghaidh seisear acu le cóir leighis hipiteirmeach a fháil do leanaí nuabheirthe ar a dtugtar fuarú nuabheirthe air.  I 2023, tharla dhá mharbh-bhreith san ospidéal agus tá athbhreithniú seachtrach á dhéanamh ar an aire a tugadh sa dá chás seo.

“Tá an mhinicíocht seo in HIE agus an chóir leighis, fuarú nuabheirthe mar thoradh air, níos airde ná an meán náisiúnta agus idirnáisiúnta taobh istigh den tréimhse céanna ama.

Is laghdú sa soláthar fola nó ocsaigín go hinchinn an linbh roimh, le linn nó fiú tar éis na breithe é HIE agus tarlaíonn sé ar chúiseanna éagsúla. Glactar leis anois gurb í an Hipiteirmeach Teiripeach an chóir leighis caighdeánach do naíonáin a bhfuil HIE measartha go dian orthu.  Déantar an leanbh a fhuarú go luath tar éis na breithe agus coinnítear fuar é ar feadh roinnt laethanta mar chuid den chóir leighis seo.  Moillíonn sé seo meitibileacht inchinn an linbh agus cuireann sé cosc ar thuilleadh damáiste.   Is ea is túisce a thosaítear an fuarú is ea is fearr é don leanbh.

Dúirt Tony Canavan, Príomhfheidhmeannach Réigiúnach FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt:” Is do na mná a saolaíodh agus a shaolófar a bpáistí in Ospidéal na hOllscoile Portiuncula amach anseo agus dá bpáistí is mó a bhfuil imní orainn futhú. Ón lá seo amach,  tá foireann, a bhfuil a lán taithí acu faoi cheannas chnáimhseoir comhairleach seachtrach ceaptha le seirbhísí máithreachais in Ospidéal na hOllscoile Portiuncula a bhainistiú agus a stiúradh. Ar an gcaoi seo, déanfar na seirbhísí is sábháilte agus is airde caighdeáin agus is féidir a chinntiú, an fhad agus atá muid ag fanacht ar thorthaí na n-athbhreithnithe atá ar siúl faoi láthair. 

“Tá imní orainn faoi na cásanna seo agus creideann muid go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaidh muid athbhreithniú ar an aire a cuireadh ar fáil.  Is í an aidhm atá leis na hathbhreithnithe seo, scrúdú a dhéanamh ar na torthaí cliniciúla agus an aire a tugadh dár n-othair.  Tuigeann muid go ngoillfidh an scéal seo go mór ar mhná a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar an aire a tugadh dóibh agus gabhann muid leithscéal leo as aon imní breise a bheidh orthu de thoradh an scéil seo.

Tá gach ceann de na hathbhreithnithe seo neamhspleách agus seachtrach ar Ospidéal na hOllscoile Portiuncula agus réigiún an Iarthair agus an Iarthuaiscirt.  Nuair a chuirfear chun críche iad, buailfidh muid le gach clann le torthaí an athbhreithnithe a roinnt leo.”

Agus í ag trácht ar an gcás, dúirt an dochtúir Clíona Murphy, Stiúrthóir Cliniciúil FSS Clár Sláinte Náisiúnta do Mhná agus Páistí: “ Tá muid ag obair go dlúth le foireann FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt in Ospidéal na hOllscoile Portiuncula le bearta a chur i bhfeidhm a chuirfidh feabhas ar shábháilteacht do mhná atá ag saolú linbh san aonad seo.  Tá muid ag fanacht ar thorthaí na n-athbhreithnithe atá ar siúl faoi láthair, ar an aire a cuireadh ar fáil do naonúr ban ó dheireadh na bliana 2023. Leanfaidh muid ar aghaidh agus tabharfaidh muid an tacaíocht riachtannach don aonad agus oibreoidh muid as lámha a chéile leis an bhfoireann nua bainistíochta faoi cheannas chnáimhseoir comhairleach seachtrach. I rith an ama seo, leanfar ag soláthar na seirbhísí ar fad mar is gnáth.  Ba chóir do mhná a bhfuil  coinne acu freastal ar a gcoinne mar is gnáth agus ba chóir dóibh sin, a dtuigtear a bhféadfadh imní a bheith orthu, an imní a phlé lena gcnáimhseoir nó lena mbean chabhrach.

Déanfar torthaí na n-athbhreithnithe seo a mheas, mar aon le hathbhreithnithe eile a rinneadh san aonad.  Idir 2019 agud 2023, rinneadh ocht gcinn d’athbhreithnithe ar chásanna eile a raibh imní futhú.  Bhí einceifealapaite iscéimeach hiopocsach (HIE) ar leanaí i seacht as ocht gcás. Cuireadh cóir leighis fuarú nuabheirthe ar sheisear.  Bhuail muid le gach ceann de na clanna seo ag an am agus roinn muid torthaí an athbhreithnithe leo.  Cuireadh sraith pleananna agus bearta feabhsúchán seirbhíse i bhfeidhm san aonad tar éis na n-athbhreithnithe seo.

Tá sé tábhachtach go dtugtar le fios go leanfar ag cur na seirbhísí ar fad ar fáil san aonad máithreachais mar is gnách, lena n-áirítear coinní d’othair sheachtracha.  Is bearta breise é an fhoireann seo le cinntiú go mbeidh na seirbhísí máithreachais in Ospidéal na hOllscoile Portiuncula chomh sábháilte agus is féidir.

Má tá aon cheist ag mná atá ag freastal ar an aonad, is féidir leo teagmháil a dhéanamh leis an FSS ar 1800 807 008 agus cuirfidh an tseirbhís máithreachais glaoch ar ais orthu.

The article above is specific to the following Saolta hospitals:: 
Portiuncula University Hospital (PUH)