You are here

Seirbhísí sláinte á leathnú do dhaoine scothaosta i bpobail thuaithe agus oileánda na Gaillimhe

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag leathnú cúram do dhaoine atá ina gcónaí i bpobail iargúlta agus ar na hoileáin le sraith clinicí for-rochtana atá ar siúl i gceantair thuaithe i nGaillimh agus ar na hoileáin amach ón gcósta i rith an tsamhraidh.

Tá foireann cleachtóirí speisialtóireachta geiriatracha ag cur cúraim ar fáil atá níos gaire don bhaile trí chuairt a thabhairt ar dhaoine scothaosta ina bpobal féin, lena n-áirítear clinicí for-rocthana ar Oileáin Árann. Is gné thábhachtach den tseirbhís seo, i gceantar Gaeltachta, an soláthar cúraim sláinte trí mheán na Gaeilge.

Is cainteoir dúchais Gaeilge í an tAltra Ardchleachtóra, Máire Ní Neachtain, agus tá sí mar chuid den fhoireann atá ag déanamh measúnuithe cuimsitheacha geiriatracha ar Inis Mór.

Is é Inis Mór an t-oileán is mó de na trí Oileán Árann, pobal Gaeltachta le daonra thart ar 800 duine atá suite 20km amach ó chósta na Gaillimhe.

Ag labhairt faoina ról, dúirt Máire: “Ceann de chuspóirí ár seirbhíse um Chúram Comhtháite do Dhaoine Scothaosta (ICPOP) ná cúram geiriatrach speisialtóireachta a fheabhsú agus daoine scothaosta a chumasú le maireachtáil go maith agus go neamhspleách.”

“I bpobal labhartha na Gaeilge, agus go háirithe laistigh de sheirbhísí do dhaoine scothaosta, tá sé an-tábhachtach coinne chliniciúil a chur ar fáil i dteanga dhúchais an othair. Tá áthas orm a bheith mar chuid den fhoireann atá ag tairiscint na gclinicí seo do mhuintir Árann.”

“Tagann othair atreoruithe chuig ár seirbhís ó dhochtúirí teaghlaigh, cúram príomhúil agus na hospidéil áitiúla. Cuirimid cúram ar fáil do dhaoine ar baineadh titim dóibh, do dhaoine atá leochaileach nó a bhfuil athruithe tar éis teacht ar a gcuid cognaíochta.

“Is é ár ról measúnuithe cuimsitheacha geiriatracha a dhéanamh – an caighdeán is airde i measúnuithe do dhaoine scothaosta. Aithnímid riachtanais an othair agus is féidir linn iad a atreorú le haghaidh diagnóise breise, cúram sóisialta agus tacaíochtaí breise. Gné lárnach den tseirbhís ná aitheantas agus freastal ar riachtanais shonracha an othair, lena n-áirítear cinneadh a dhéanamh i dtaobh cad is tábhachtaí dóibh féin.”

Is féidir le pobail oileánda dúshláin ar leith a bheith acu maidir le cúram sláinte a fháil; costais airgeadais, an t-am a chaitear ag taisteal agus drochaimsir – féadfaidh siad seo uile bac a chur ar dhaoine cúram tráthúil a fháil.

Duine a bhfuil cónaí uirthi ar Inis Mór agus atá 91 bliain d’aois í Anne Beatty agus mhínigh sí buntáistí na seirbhíse: “Tá an-áthas orm go bhfuil an tseirbhís ag teacht go hÁrainn. Bíonn imní ort dul go Gaillimh ar dhrochlá, seans nach dtiocfadh an t-eitleán ná an bád. Tá sé iontach go bhfuil an tseirbhís ar fáil i nGaeilge freisin, mar is í sin ár dteanga dhúchais.

“Tá go leor againn os cionn 90 bliain d’aois ar an oileán agus táimid fíorbhuíoch den fhoireann as teacht chugainn le go bhfanfaimid sláintiúil agus beo bríomhar.”

Dúirt an Dr Robert Murphy, Geiriatraí Comhairleach: “Laistigh de sheirbhís ICPOP Chathair na Gaillimhe agus Iarthar na Gaillimhe, tá clinicí for-rochtana againn ar an gClochán, ar an gCeathrú Rua agus ar Oileáin Árann. Oibrímid i ngar do chomhghleacaithe cúraim phríomhúla, dochtúirí teaghlaigh na n-oileán agus altraí sláinte poiblí chun cúram tráthúil, freagrúil a chur ar fáil do dhaoine scothaosta níos gaire dá mbaile.”

“Tá ár bhfoireann ICPOP comhdhéanta de Gheiriatraithe Comhairleacha, Altraí , Altraí Ardchleachtóra, Altraspeisialtóirí Cliniciúla, Teiripeoirí Ceirde, Fisiteiripeoirí agus Diaitéitigh ar fhoireann an ICPOP. Tá siad go léir dírithe ar chumasú do dhaoine scothaosta a neamhspleáchas a choinneáil agus maireachtáil go maith sa bhaile chomh fada agus is féidir. Tá an uile rud le fáil anseo do dhaoine a bhfuil riachtanais chasta acu agus cruthaíonn an cur chuige comhtháite torthaí níos fearr do na hothair.”

“Tá aiseolas an-dearfach faighte againn ó na clinicí for-rochtana seo. Is mór ag daoine gur féidir linn freastal orthu ina bpobal féin agus dul i ngleic leis na nithe atá ag déanamh imní dóibh.”

Féach an físeán seo le haghaidh tuilleadh eolais ar thaithí Anne ar sheirbhís ICPOP:
https://www.youtube.com/watch?v=RaMjIPzIBUE

Tá an físeán seo ar fáil as Gaeilge freisin:
https://www.youtube.com/watch?v=dnTzPdIN2TA

Foscríbhinn
Sa ghrianghraf ag an gClinic For-rochtana ar Inis Mór, mar chuid den Chlár Cúraim Chomhtháite do Dhaoine Scothaosta, ó chlé: An Dr Robert Murphy, Geiriatraí Comhairleach; Anne Beatty, Inis Mór; agus Máire Ní Neachtain, Altra Ardchleachtóra, Clár Cúraim Chomhtháite do Dhaoine Scothaosta. 

 

The article above is specific to the following Saolta hospitals:: 
University Hospital Galway (UHG)