You are here

Spéaclaí Réaltachta Fíorúla (VR) ag tacú le páistí in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh

Tá fearas cinn réaltachta fíorúla (VR) do pháistí, ar a dtugtar Smileyscope tugtha isteach ag ionad péidiatrach Ospidéal Choláiste na hÉireann,  Gaillimh le gairid. Tugann an teicneolaiocht nua seo tús áite d’ionbhá, nuálaíocht agus do bharr feabhais sa chúram sláinte péidiatrach. 

Is féidir le cuairteanna go dtí an ospidéal a bheith ina ábhar imní agus eagla d’othair óga. Baineann na fearais cinn Smileyscope úsáid as an réaltacht fhíorúil thumthach chun na páistí a threorú trí aistear suaimhneach, mealltach físe an fhad agus atá na  gnáthaimh leighis ar siúl. Tá an teicneolaíocht seo an-éifeachtach i mbainistiú na ngnáthamh seo a leanas:

  • Fóibé faoi shnáthaidí agus imní i dtaobh insteallta
  • Intinn an othair a bhaint ó tharraingt fola agus cannúlú
  • Othair a chur ar a suaimhneas le linn gnáthamh íomháithe nó le linn cúraim réamhobráide

Is féidir le Smileyscope an phian agus an imní atá bainteach le snáthaidí a mhaolú. Baineann sé an stró as na gnáthaimh seo agus laghdaíonn sé an mhoill a bhíonn i gceist leo chomh maith. Tugann an fearas seo tacaíocht do bhaill foirne a bheith níos éifeachtaí chomh maith sa mhéid is go ngearrtar siar ar an am agus ar na hacmhainní atá ag teastáil othair atá trína chéile a chur ar a gcompord.

Dúirt Michelle Dillon, an t-Altra Bainistíochta Cliniciúil 2, Néara-mhíchumas Péidiatrach in Ospidéal Choláiste na hÉireann, Gaillimh. ‘Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis an bhforas, Galway Sick Kids Foundation  as a dtacaíocht fhlaithiúil agus as an maoiniú a thug siad do cheithre cinn de Smileyscope ag Ospidéal Choláiste na hÉireann, Gaillimh. ‘Ó thosaigh muid ag baint úsáide as an réaltacht fhíorúil san ionad péidtriatach, tá bealaí nua anois ar fáil dúinn chun tacú le páistí agus dáimh a chothú leis na páistí atá faoinár gcúram. Is uirlis suaimhnis  agus seachráin ríthábhachtach í do pháistí a bhfuil riachtanais bhreise acu a athraíonn sealanna strusmhara ina eispéiris dhearfacha. Tá an uirlis seo ag athrú an taithí a bhíonn ag páistí ar chuairteanna ospidéil agus an cúram a chuireann muid ar fáil dóibh. 

Lean Sarah Murphy, an t-Altra Bainistíochta Cliniciúil 2, Péidiatraic in Ospidéal Choláiste na hOllcoile, Gaillimh  ar aghaidh, ‘Cabhraíonn Smileyscope linn fócas an pháiste a bhaint ón eagla atá orthu agus tugann sé deis dóibh spraoi agus spórt a bheith acu.’ Is eispéiris iad na físeáin seo agus tá siad dírithe go sonrach ar ghnáthaimh leighis. Ceann de na heispéiris réaltachta fíorúla a bhíonn páistí ag iarraidh, ná an eachtra faoi thoinn ina mbíonn maidhmeanna ag briseadh ar shuíomh an insteallta agus éisc ag baint mionphlaiceanna as lámh an pháiste le linn an insteallta”.

Ag trácht ar an taithí a bhí aici ar an bhfearas cinn, Smileyscope le gairid, dúirt Éabha Sharkey, ‘Bhain mé úsáid as an bhfearas cinn, Smileyscope cúpla uair agus bhí sé an-mhaith. Nuair a chuir mé orm é bhí sé an-éadrom agus compordach, ar nós spéaclaí snámha speisialta. Bhí na pictiúirí agus na físeáin a thaispeáin sé spraíúil agus daite. Bhí mé in ann straoiseoga éagsúla agus éisc a fheiceáil an-ghar dom. Bhraith mé go raibh mé i gcluiche ríomhaire. Chabhraigh an fearas cinn Smileyscope go mór liom agus d’airigh mé ar mo chompord nuair a bhí m’fhuil á tarraingt. Bhain sé m’intinn den tsnáthaid, stop sé mé ó bheith ag smaoineamh ar bhaint na fola agus bhí sé níos éasca dom fanacht ciúin, socair ansin.”

Tá tuismitheoirí ag moladh an fhearais chomh maith. Dúirt tuismitheoir amháin,‘B’éigean do m’iníon sampla fola a thabhairt. Ní raibh taithí mhaith aici de seo roimhe agus bhí sí an-neirbhíseach. Bhí an fhoireann ar fad thar cinn ach baineadh siar asam nuair a chonaic mé cé chomh socair agus a bhí sí nuair a bhí sí ag caitheamh an fhearais cinn seo. Chonaic mé páiste eile a raibh an-imní uirthi sula ndeachaigh sí isteach chun tástáil fola a fháil agus ansin tháinig sí amach, lánsásta le cé chomh éasca agus a bhí sé. Is iontach an áis í’

Dúirt Victoria Bohan ón bhForas, Galway Sick Kids Foundation ‘Tá an-áthas ar Galway Sick Children Foundation, maoiniú a chur ar fáil, leis na fearais Smileyscope a thabhairt isteach san ionad péidiatreach. Tá sé mar sprioc againn tacaíocht a thabhairt do thograí a dhéanann difríocht fhóinteach do pháistí agus a muintir agus déanann an teicneolaíocht seo é sin gan amhras. Déanann sé ócáid dhearfach de na tréimhsí dúshlánacha seo. Beidh muid ag súil leis an tionchar fadtéarmach a bheidh aige ar othair óga a fheiceáil amach anseo”. 

The article above is specific to the following Saolta hospitals:: 
University Hospital Galway (UHG)